Umberto Eco

Scríbhneoir agus scoláire ab ea Umberto Eco, a rugadh i mbaile beag darbh ainm Alessandria i bPiemonte na hIodáile ar an 5 Eanáir 1932 agus a d'éag ar 19 Feabhra 2016 i Milan. Le linn an Dara Cogadh Domhanda thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le héalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar litríocht na meánaoiseanna, agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi Thomas Aquinas i 1954.

Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse "Radiotelevisione Italiana", agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, ''Il Problema Estetico di San Tommaso'', a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí as a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Chaith sé na blianta fada ina ollamh le séimeolaíocht in Ollscoil Bhologna.

D'fhoilsigh sé an-chuid aistí faoi litríocht na meánaoiseanna, go háirithe teoiric agus cleachtadh na litríochta. Chuir sé an-bhéim ar thábhacht an léitheora don saothar scríofa.

Ach tá cáil dhomhanda Eco bunaithe ar a chuid úrscéalta, go háirithe ''Il Nome della Rosa'' (1980), (Ainm an Róis) a raibh an-ráchairt air ar fud an domhain, go háirithe nuair a rinne scannán Béarla de faoin ainm ''The Name of the Rose'', leis an aisteoir clúiteach Seán Connery i bpáirt manaigh a bhí ag fiosrú dúnmharaithe i mainistir.

Bronnadh gradaim gan áireamh ar Eco in ollscoileanna ar fud an domhain. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 20 toradh á dtaispeáint as 36 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Eco, Umberto. 1932-2016', am iarratais: 0.03s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    Alt
  2. 2
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 1987
    Trealamh
  3. 3
    Trealamh
  4. 4
    Trealamh
  5. 5
    Trealamh
  6. 6
    Trealamh
  7. 7
    Trealamh
  8. 8
    Trealamh
  9. 9
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 2004
    Trealamh
  10. 10
    Trealamh
  11. 11
    LEABHAR
  12. 12
    LEABHAR
  13. 13
    LEABHAR
  14. 14
    Trealamh
  15. 15
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 2018
    LEABHAR
  16. 16
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 2001
    Trealamh
  17. 17
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 2013
    Trealamh
  18. 18
    Trealamh
  19. 19
    Trealamh
  20. 20
    de réir Eco, Umberto. 1932-2016
    Foilsithe / Cruthaithe 1998
    LEABHAR