Nicolaus Copernicus
Ileolaí de chuid na hAthbheochana ab ea Nicolaus Copernicus (Gaeilge:''Nioclás Copairnic''; Polainnis:''Mikołaj Kopernik''; Gearmáinis: ''Nikolaus Kopernikus''; 19 Feabhra 1473 – 24 Bealtaine 1543), a bhí gníomhach mar mhatamaiticeoir, réalteolaí, agus canóin Chaitliceach, a chuir samhail den chruinne le chéile a chuir an Ghrian seachas an Domhan ina lár.Saolaíodh é in Torún na Polainne.
Deirtear gur chuir a leabhar ''De revolutionibus orbium coelestium'' (''I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe'' 1543) tús leis an réalteolaíocht nua-aimseartha. Luaitear an leabhar seo agus ''Principia'' Newton mar bhunús na réabhlóide eolaíochta.
"Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’."
Níor éirigh le Copairnic a theoiricí a fhoilsiú go raibh sé aosta go leor, de bhrí go raibh eagla air roimh na húdaráis eaglasta sa Róimh. clé|mion|córas héilealárnach Arna chur ar fáil ag Vicipéid